Fáilte chuig Compántas Amharclainne Ababú

Bunaíodh Ababú i mí na Samhna 2001 le drámaíocht agus léirithe Ghaeilge a chur chun cinn do pháiste.

Fáilte chuig Compántas Amharclainne Ababú

Bunaíodh Ababú i mí na Samhna 2001 le drámaíocht agus léirithe Ghaeilge a chur chun cinn do pháiste.

Is Amharclann Oideachasúil é Ababú. San earrach, agus san fhómhar tugann Ababú camchuairteanna ar naíscoileanna agus ar ghaelscoileanna chun seóanna scéalaíochta a léiriú.  In aimsir na Nollag, cuireann Ababú geamaireachtaí i láthair. Is léiriú speisialta é a fheiceann daltaí scoile ar fud an Tuaiscirt.  Tá Ababú lonnaithe in Áras Mhic Reachtain, áit a gcuirtear an Ghaeilge agus na healaíona chun cinn i dtuaisceart Bhéal Feirste. Bíonn ceardlanna drámaíochta ag Ababú ansin gach seachtain do pháistí óga idir ceithre bliana agus aon bhliain déag d’aois.  Cruthaíonn Ababú drámaí idirghníomhacha do pháistí agus úsáidtear scéalaíocht agus amhránaíocht chun gnéithe den churaclam bunscoile a neartú.

I ngach léiriú de chuid Ababú, cuimsíonn an script téamaí a bhfuil dlúthbhaint aige leis an churaclam bunscoile ó Thuaith.
Tá roinnt dlúthehioscaí déanta ag Ababú do pháistí óga agus dá dtuismitheoirí ina bhfuil rannta agus scéalta bunaithe ar scéalta sí agus ar fhinscéalta.

Léirithe

Scéalaíocht

“Your Home Should Tell The Story Of Who You Are And Be A Collection Of What You Love”

Our
Publications