Eolas faoi Ababú.

Sa bhliain 2001, nuair is beag taibhléiriúchán a bhí ar siúl in earnáil na Gaelscolaíochta, léirigh Ababú sraith seisiún scéalaíochta gach seachtain do pháistí idir trí bliana agus naoi mbliana d’aois sa Chultúrlann agus d’éirigh thar barr leo. Tamall gairid ina dhiaidh sin, thug Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Foras na Gaeilge maoiniú d'Ababú le haghaidh tionscadal trí bliana le sraith drámaí Gaeilge do pháistí a léiriú- d’éirigh thar barr leo sna naíscoileanna agus sna gaelscoileanna. Ó shin i leith, tá Ababú ag soláthar deiseanna ilchineálacha do pháistí óga bheith páirteach i saol na drámaíochta. Lena chois sin téann Ababú i gcomhair le roinnt gaelscoileanna le drámaí iomlán-scoile a léiriú. Tá roinnt CD do phaistí óga déanta againn atá ar díol sna siopaí.

Máire Andrews – Stiúrthóir Ealaíne

Tá obair mhór déanta ag Máire in earnáil na Gaelscolaíochta ó 1979 ar aghaidh agus í ag léiriú seóanna scéalaíochta, ag soláthar scripteanna, ag cumadh amhrán agus ag reáchtáil ceardlanna drámaíochta. Chuir sí tús leis na  ‘Maireoga’, seó puipéad, sna hochtóidí, agus na ‘Móilíní’ seó puipéad, sna nócháidí. Bhí sí ina comhbhunaitheoir ar ‘Aisling Ghéar’ in 1996, compántas gairmiúil amharclainne agus rinne sí neart aisteoireachta le linn na mblianta a chaith sí leo agus ina dhiaidh. Bhain sí máistreacht amach nuair a rinne sí tráchtas ar scéalta sí agus a dtionchar ar pháistí an lae inniu.

Faoileann Uí Dhuibhfinn- Stiúrthóir Cruthaitheach

Tá Faoileann ag obair mar ealaíontóir le Ababú ó bunaíodh é. Is í a dhearaigh na seiteanna do na seóanna idir scéalta, drámaí agus a rinne na puipéid. Fuair sí céim chéadonórach i nGaeilge agus i litríocht na Gaeilge. Is ceoltóir cumasach í agus scríobh sí amhráin nuachumtha do phaistí óga, le roinnt CD déanta aici. Chum sí agus chuir sí tús leis ‘Na Bopóga’ do naíonáin sa Chultúrlann agus anois, téann sí ar camchuairt leis ‘Na Móilíní’ d’Ababú. Ta sí ag tabhairt ceardlanna ealaíne fud fad na tíre le tamall. Bíonn sí ar fáil gach seachtain in Áras Mhic Reachtain ag cur ceardlann ealaíne ar fáil do pháistí idir ceithre agus aon bhliain déag d’aois.

Sue McGeown- Stiúrthóir Comhlachta

Tá Sue ina comhbhunaitheoir  de Ghaelscoil na bhFál, an dara  gaelscoil sa Tuaisceart. Bhunaigh sí Ionad Uibh Eachach, a sholáthraíonn cúram lae do pháistí ó sé mhí go dtí aon bhliain déag d’aois, an chéad áit ar cuireadh cúram leanaí ar fáil agus gníomhaíochtaí iar-scoile do pháistí gaelscoile. Chuir sí tús le hionad oideachais ina mbíonn ranganna agus leachtaí ar fáil do thuismitheoirí agus don phobal.

Maureen Murray – Stiúrthóir Comhlachta

Tá Maureen ag tacú le hAbabú mar dhuine ghnó. Is comhairleoir airgeadais neamhspleach í a chuidíonn le grúpaí pobal a scileanna bainistíochta a fhorbairt maidir le hairgead go háirithe. Tá sí ar roinnt bord a spreagann Gaeilge sa cheantar.

Séan Ó Fionnail-Comhairleoir Ababú

Is leas-phríomhoide ar ghaelscoil é, Séan, a bhfuil fad taithí aige sa ghaeloideachas. Is comhbhunaitheoir é d’ Fheile Scoildrámaíochta Bhéal Feirste a thosaigh i 2005. Tá Séan é féin ag léiriú drámaí le fada i nGaelscoil na bhFál. Tá suim mhór aige i gcúrsaí drámaíochta a nascadh leis an churaclam, go háirithe le stair a theagasc agus Gaeilge labhartha na ndaltaí a mhéadú.

Seosamh Ó Coinn- Cuntasóir

Tá Seosamh againn mar chuntasóir le fada. Tugann sé tacaíocht dúinn taobh amuigh don ról atá aige mar chuntasóir. Is duine é atá lárnach sa phobal agus cuidíonn sé le go leor comhlachtaí beaga  a scileanna bainistíochta a fhorbairt. Tugann sé tacaíocht don Ghaeilge le blianta fada.