Aisteoirí Óga Ababú

D’fhás an smaoineamh d’ Aisteoirí Óga ó seó a rinneadh i 2001 i nGaelscoil na bhFál. Léirigh muid go leor seóanna iomlán-scoile le himeacht na mblianta. Bhí na haisteoirí óga páirteach, ón naíscoil go dtí rang a sé. Thóg na dáltaí is sine i rang 7 mórchuid na scripte. Tá tionchar chór na Gréige ar an obair seo, ina mbíonn meascán de theicnící drámaíochta in úsáid, leis na haisteoirí uilig ar an ardán ag insint scéil an dráma, athrá, geatsaíocht, gníomhachtaí, cur i láthair, aisteoireacht, chomh maith le ceol agus amhránaíocht.

Gach seachtain in Áras Mhic Reachtain, bíonn seisiún trí huair an chloig ann do pháistí a bhfuil suim acu san aisteoireacht. Déantar foghlaim scripte, seiteanna a thógail agus aisteoireacht a chleachtadh chun dráma a chur ar an ardán. 

Is é Cosaint leanaí an phríomhfhreagracht atá orainn.  Tá Access NI déanta orainn uilig.